O’Sullivan, M. D. “Glimpses of the Life of Galway Merchants and Mariners in the Early Seventeenth Century.” Journal of the Galway Archaeological and Historical Society, vol. 15, no. 3/4, 1932, pp. 129–40. JSTOR website Retrieved 29 Sept. 2023.
Annals of the Four Masters, M.1586: http://www.ucc.ie/celt/published/G100005E/index.html: Seisiún do choinneáil le Sir Risteard Biongam, agus le Comhairle Chúige Chonnacht i nGaillimh i mí Ianuarii. Seachtó de mhnáibh agus d'fhearaibh do bhású ar an seisiún sin.
Annals of the four masters M1124.15 from Annal M1123: Trí caistil do dhéanamh le Connachtaibh, caisleán Dún Leodha, caisleán na Gaillimhe, agus caisleán Chúil Mhaoile.
Annals of the four masters M1125.8 from Annal M1123: Dhá mhac Aineislis Uí Eidhin do mharbhadh d'Ó Flaitheartaigh i bhfeall ag Bun Gaillimhe.
Annals of the four masters M1132.9 from Annal M1123: Caisleán Bhun Gaillimhe do loscadh agus do scaoileadh le loingeas Fhir Mhumhan, agus ár mór do thabhairt ar Iarthar Connacht, um [le] Ó Tadhg an Teaghlaigh agus um shaorchlannaibh iomaí eile.
Part 2 of MacCartaigh's Book MCB1132.1 from Annal MCB1132: Slógadh le Cormac mac Mhic Cárthaigh agus le maithibh Leath Mogha ar thír [...] ain [...] agus Íubh Eathach agus Corca Laoighe agus cabhlach Leath Mogha ar muir 'na coinne gur bhriseadar Caisleán Bhun Gaillimhe agus gur argadar agus gur loisceadur an baile. Maidhm An Chlaidhe arna mhárach roimh an gcabhlach céanna ar Iarthar Connacht inar marbhadh Conchúr Ó Flaitheartaigh, rí Iarthar Connacht, go [le] n-ár a mhuintire.
Annals of the Four Masters M11378.9 from Annal M1178: Abhainn na Gaillimhe do thriomadh le ré lae aiceanta. Na huile earra do bádh inti ó chian gona [lena] hiasc do thionól le lucht an dúin agus na tíre i gcoitinne.
Annals of the Four Masters M1577.10 from Annal M1577: Alastrann, mac An Chalbhaigh, mhic Toirdhealaigh, mhic Eoin Charraigh, do mharbhadh i gcomhrac le mac Thiobóid Buí Mhic Sheoinín i ndoras na Gaillimhe, agus níorbh iomaí mac gallóglaigh i nÉirinn in tan sin ba mhó fáltas agus ba thíolacthaí toirbheartaí ná é.
Annals of the Four Masters M1581.2 from Annal M1581: Mac Iarla Chlainne Riocaird .i. Uilliam Búrc, mac Riocaird Shasanaigh mhic Uilig na gCeann, mhic Riocaird, mhic Uilig Chnoic Tua do chrochadh i nGaillimh an treas lá iar gcrochadh Thoirdhealaigh Uí Bhriain .i. Toirdhealach Déardaoin agus Uilliam Dé Sathairn. Is amhlaidh do tharla d'Uilliam a bheith i gcomhbhá chogaidh lena bhráithribh an tan do bhriseadar a mbailte amhail do dúramar; ba aithreach leis ann sin, agus do chuaigh ar proiteics i gceann Gall go Gaillimh an mhí roimh a bhású agus do dealbhadh scéal éigin chuige gur gabhadh agus gur crochadh. Do crochadh a ndeachaigh dá lucht leanúna ar an bproiteicsion sin.
Annals of the Four Masters M1586.1 from Annal M1586: Seisiún do choinneáil i nGaillimh i Mí December na bliana so inar básaíodh iomad ban agus fear, agus do básaíodh ann Éamann Óg mac Éamainn mhic Maghnusa mhic Shíthigh, agus ochtar díolúnach de Ghearaltachaibh ina fhochair iar bhfáil a fheasa orthu go rabhadar araon leisna hAlbanaibh sin do marbhadh i nArd na Ria.